Beidh póstaeir toghcháin Chatherine á gcrochadh i mbailte agus sráidbhailte ar fud na hÉireann ar an 24ú Meán Fómhair.
Léiríonn chuile phóstaer gur cumhacht na ndaoine, agus ní na hollpháirtithe, atá taobh thiar d’ár bhfeachtas.
An bhféadfá €10 a thabhairt chun póstaer a chrochadh i do cheantar?
Is bealach simplí ach cumhachtach é seo chun seasamh in aghaidh phócaí lán Fhianna Fáil agus Fhine Gael.
Seo deis le bheith páirteach i rud níos mó.
Ciallaíonn síntiús €10 gur chuid tú de ghluaiseacht atá cruthaithe ag daoine atá ag iarraidh do ghlór a chur in iúl.
Beidh na póstaeir sin crochta go hard i rith an fheachtais ag léiriú go bródúil go gcreideann lucht tacaíochta Chatherine go láidir sa gcothroime, sa bpobal agus san ionracas.
Ní bheadh ann don ghluaiseacht seo murach thú. Déan urraíocht ar phóstaer inniu chun do thacaíocht a léiriú.