Guth na nDaoine - For the common good

Is mór an onóir dom a rá go bhfuil tacaíocht mo chuid comhghleacaithe bainte amach agam chun seasamh don Uachtaránacht.

Is go humhal a sheasaim romhaibh ach freisin lán le dóchás agus creideamh láidir agam go bhfuilimid in ann - le chéile - tabhairt faoi thír a mhúnlú arbh fhéidir linn a bheith fíor bhródúil aisti.  Tír ina maireann a cuid luachanna ní díreach i bhfocal ach i ngníomh.  Tír ina seastar ar son síochána, ar son dínite, ar son cothramíochta, agus ar son a chéile.

Ní go héasca a chinn mé ar seasamh.  Ghlac mé mo chuid ama - chun macnamh agus éisteacht a dhéanamh agus a fhiafrú dom féin cén bealach is fearr atá mé ábalta freastal a dhéanamh.  Séard is mó a chuaigh i bhfeidhm orm nó an tacaíocht agus spreagadh a tháinig ó dhaoine ó chuile  chearn den tír.  Is bhur gcuid focal, bhur ndóchás agus bhur gcreideamh in Éirinn níos tuisciní a thug soiléireacht dom.  Is de bharr sibhse a sheasaim anseo inniu.

Tá muid ag maireachtáil ag am trioblóideach. Is rud coitianta an cogadh agus an díláithriú i go leor den domhan.  Tá an éagothroime ag leathnú.  Tá an pláinéad faoi ualach ár gcuid nósanna eastóscacha.  Agus sa mbaile, tá daoine tuirseach - tuirseach mar nach n-éistear leo, nach bhfeictear iad, nach dtuigtear iad.  Tuirseach de gheallúintí briste,  croí na sochaí in ísle brí.

Ach fós féin, is anois is mó a chreidim i spiorad na tíre seo.

Bhí sé le tuiscint agam i chuile chearn den tír,  ó lucht feachtais tithíochta i nGaillimh go táirgeoirí pobail Cheatharlach, ó mhúinteoirí Dhún na nGall go cúramóirí Átha Cliath.  Bhí sé le cloisteáil agam sa gceol agus sa bhfilíocht agus sa traidisiún dlúthpháirtíochta atá fós go smior ionainn ainneoin an chlampair.  Bhí sé le haireachtáil agam sa dínit chiúin atá acu siúd a choinníonn ag imeacht lá i ndiaidh lae.

Ghníomhaigh mé ar thaobhanna éagsúla mar abhcóide.  D’éist mé le pianta na ndaoine mar shíceolaí.  Mar Theachta Dála Neamhspleách agus mar Leas Cheann Comhairle shaothraigh mé chun dínit agus meas a láidriú sa saol poiblí agus seasamh sa lár tráth go raibh deighilt pholaitiúil ann.

Ní ar son cumhachta nó ar son glóire a thug mé faoin bpolaitaíocht ach mar gur chreid mé gur seirbhís atá mar bhunús na polaitaíochta. Is an creideamh sin atá i gcroílár an fheachtais seo.

Deirtear linn gur siombalachas is mó atá i gceist leis an Uachtaránacht.  Ach tá tábhacht le siombail.  Agus tá aon ghníomh bainteach leis na siombail sin níos tábhachtaí fós.

Creidim go mba cheart gur eintíteas aontaithe a bheadh i gceist leis an Uachtarán, duine stuama, sea, ach spreagúil freisin.   Duine a chuireann i gcuimhne céard is féidir a dhéanamh.  Treoraí morálta  sa domhan seo atá níos mó agus níos mó á réabadh ag lucht an rachmais.  Glór dóibh siúd atá ró-mhinic ciúnithe.

Sin an ról atá uaimse.

Ba mhaith liom a bheith i m’Uachtarán a éisteann, a théann ar cuairt chuig chuile chearn ní le tabhairt fúm ach chun cloisteáil uaibh. Duine a thugann an Uachtaránacht ar ais go croí lár bhur saol.  

Ba mhaith liom a bheith i m’Uachtarán a labhraíonn ar son na síochána ní díreach thar lear ach sa mbaile - sa gcaoi a chaitheann muid le chéile, sa gcaoi a thugann muid aire dóibh siúd is leochailí, sa gcaoi a ghlacann muid le heasaontas gan deighilt.

Creidim sa neodracht, ach ní mar easnamh ach mar ghníomh - traidisiún gníomhach beo na síochánaíochta, na headránaíochta agus taidhleoreacht truachroíoch.  Is seo ceann dena láidreachtaí is mó a bhaineann leis an tír seo agus déanfaidh mé sin a chosaint go láidir agus go soiléir.

Creidim sa nGaeilge ní díreach mar nasc lenár Sinsear ach mar bhealach ildánach, idirspleáchas, álainn leis an domhan a fheiceáil agus a thuiscint.

Creidim in fhírinne níos simplí: nach ionann ardstádas le hardoifig  ach gur ardfhreagrachtaí atá i gceist agus dá réir go gcaithfear a bheith umhal le tabhairt fúthu.

Beidh mé ar an mbóthar sna seachtainí amach romhainn,  i bhur gcomharsanachtaí, bailte,  paróistí, leabharlanna agus hallaí.  Ba mhaith liom comhrá a thosnú, fíor-chomhrá - ní díreach faoi céard faoi Éire ach céard a d’fhéadfadh sí a bheith faoi. Tír tógtha ní ar eagla ach ar dóchas,  Tír nach bhfuil cruthaithe le deighilt ach múnlaithe ag fís roinnte.

Ní réiteach í an Uachtaránacht ar ár ndúshláin ar fad ach is cinnte gur solas a d’fhéadfadh a bheith ann.  Croílár séimh.  Áit go bhféadfaí luachanna an náisiúin seo a chaomhnú agus a athnuachan.

Is mar sin a iarraim oraibh bhur dtacaíocht, bhur vótaí a thabhairt dom agus bhur muinín a chur ionam.

Cuirfidh muid croí agus anam na hÉireann in iúl le chéile.

Roghnóidh muid an tsíocháin,  roghnóidh muid a chéile, rachaidh muid chun cinn.

Portrait Image

Gluaiseacht na ndaoine

Is deis annamh é an toghchán uachtaránachta chun duine a thoghadh ar son na ndaoine, duine atá tiomanta chun guth na ndaoine a chur chun cinn. Chun go dtoghfar Catherine, teastaíonn gluaiseacht na ndaoine trasna na tíre chun teachtaireacht dóchais Catherine a scaipeadh ar fud fad na tír.

Má theastaíonn uait tacú le Catherine Connolly don uachtaránacht, sínigh suas don liosta seoltaí agus glac páirt sa ghluaiseacht.

Bí Linn