Tugtar cuireadh do lucht tacaíochta, na meáin agus don phobal a bheith in éineacht le Catherine Connolly agus a feachtas Uachtaránachta á seoladh aici Dé Luain seo ag teacht ag An Coimpléasc, Margadh na Feirme, BÁC 7.
Beidh na cúiseanna go bhfuil sí ina hiarrthóir agus a fís don Uachtaránacht á gcur in iúl ag Catherine in óráid na hoíche.
Beidh cur i láthair ó lucht tacaíochta iomráiteach a feachtais freisin, ina measc beidh ionadaithe ó na Daonlathaithe Sóisialta, Páirtí an Lucht Oibre, Daoine Seachas Brabús agus ionadaithe neamhspleácha.
Is imeacht saor in aisce é seo atá oscailte don phobal ach tá teora leis an méid ticéad atá ar fáil. Is fearr clárú ar líne chomh luath agus is féidir más mian leat a bheith i láthair.
Beidh earraí bolscaireachta don fheachtas ar díol.