Tá Óglaigh na hÉireann molta go hard ag an iarrthóir Uachtaránach Catherine Connolly TD, a rinne cur síos orthu mar “fhoinse ollmhór bróid agus measa do mhuintir na hÉireann.”
Dúirt Connolly go dtaispeánann iad siúd a dhéanann seirbhís ar son na hÉireann, sa bhaile agus thar sáile, “scoth na seirbhíse poiblí - misneach, tiomantas agus comhbhá faoi lán seoil.”
Dúirt sí:
“Is léiriú iad ár bhFórsaí Cosanta, Óglaigh na hÉireann, ar luachanna na saoránachta agus na seirbhíse. Is cuma más ag freagairt éigeandála, ag tacú le misin síochánaíochta thar lear, nó ag cabhrú le pobail sa bhaile atá siad, bíonn tionchar as cuimse acu. Ní hamháin go bhfuil barr measa tuillte acu uainn, ach pá cuí, coinníollacha cothroma, agus lán-aitheantas as an méid a dhéanann siad.”
Dúirt Connolly go dtéann traidisiún neodrachais agus síochánaíochta na hÉireann le chéile go dlúth le tacaíocht d’Fhórsaí Cosanta láidir, a bhfuil acmhainní cearta curtha ar fáil dóibh:
“Ní chóir riamh go gciallódh Éire neodrach Éire lag. Teastaíonn Fórsaí Cosanta uainn atá trealmhaithe i gceart agus an meas cuí léirithe orthu - ní ar mhaithe le freastal ar chomhghuaillíochtaí mhíleata ghallda, ach chun freastal ar mhuintir na hÉireann agus ár bhflaitheas a chosaint.”
Mar Uachtarán, dúirt Connolly go nglacfadh sí go dáiríre le ról bunreachtúil Ardcheannasaí na bhFórsaí Cosanta agus go n-úsáidfeadh sí an oifig mar chrann taca dóibh siúd atá i mbun seirbhíse:
“Tá dualgas agus meas ag baint leis an ról sin. ‘Séard atá i gceist ná ómós a thabhairt do na fir agus na mná faoi éide, seasamh suas dá leasa, agus cinntiú go leanann a seirbhís ag seasamh do phrionsabail an neodrachais, na daonnachta, agus na síochána a dhéanann ár bPoblacht a shainiú.”
Dúirt sí freisin go seasann saighdiúirí, mairnéalaigh, agus pearsanra Aerchóir na hÉireann “ar son rud atá níos mó ná an míleatachas - seasann siad ar son na síochána, na dlúthpháirtíochta agus na seirbhíse.
“Is rud é sin gur chóir dúinn a cheiliúradh,” a dúirt sí. Tá bratach na síochána curtha in airde ag ár bhFórsaí Cosanta timpeall an domhain. Tá ionadaíocht déanta acu thar cheann na hÉireann le dínit agus le cuibheas, agus tacóidh mé i gcónaí lena gcuid oibre agus lena leasa.”
CRÍOCH
Teagmháil: press@connollyforpresident.ie